Éire Chum Dé

by Úna Ní Fhaircheallaigh

Ar bhás leinbh óig do cailleadh sa gcómh-chogadh

 

Iomdha nidh dob ionmhuin liom

Scaras leis mar thoirbhirt árd;

Do bhronnas uaim cró mo chroidhe;

Le deagh-thoil chum saoirse ’fhagháil.

 

Óig-fhir fuinneamhal’ in gach aois

A gcuirp do chíorradh beag leo,

Acht faoiseamh ’fhagháil ón tsíor-bhruid:

Go tiugh do thuit bláth na n-óg.

 

Ag seo anois nidh gan smál

Mór an cháin gidh tairgim é:

Beatha leinbh i dtús aois’,

Múchadh síos ar fheirg Dé.

 

A réidh-rosc; binneas a ghlóir;

Mar thiodlaic’ fós gloine a chroidhe;

An saoghal nár mhair; a shaoghal thall

Chum coir Éireann ann do nighe.

 

Bheirim Duit tabhartas cáidh,

An criostal ’s áille fán spéir;

Mar ofráil toirbhrim an seód;

A’s nach leór sin a bhith-Dhé?

 

Íodhbhairt uaim minic a thug

Mar luach ar an rud nach bhfuair;

An saoradh cheannuigheas go daor;

Meath’ mo shaoghail – ró-mhór an luach.